← Colorado a bhí ar an tseanduine seo. 🔊✎
← Ach is minic a lean leas-ainm do dhuine, go dtí sa deireadh nach mbeadh a fhios cé a bhí tú a mhaoímh dá dtugthá an t-ainm a bhí thíos air i leabhar a bhaiste. 🔊✎
← An sean-duine seo ar tharraing mé an scéal air, chaith sé seal i Meiriceá. 🔊✎
← I gColorado a bhí sé an mhórchuid dá am. 🔊✎
← Is cosúil go mbíodh sé ag caint go minic ar an tsaoil a bhí aige ansin agus ar na hiontais a chonaic sé ann. 🔊✎
← Sa deireadh tugadh an leas-ainm air. 🔊✎
← In Albain a casadh ormsa é - samhradh amháin a bhí mé ag náibhíocht ar an Talla. 🔊✎
← Thigeadh sé isteach arís agus lán a bhairéid de phíosaí coirte leis agus thosaíodh á dtriomú leis an tine. 🔊✎
← Bhíodh rún i gcónaí aige airgead an tobac a chur i dtaisce an Satharn sin a bhí chuige. 🔊✎
← Bhí a shliocht air: ní bhíodh le cur sa phíopa aige ach an choirt ó thiocfadh an Déardaoin. 🔊✎
← Tráthnóna amháin samhraidh, i ndiaidh obair an lae a bheith déanta, bhí sé ina shuí thíos ar bhruach srutháin a bhí ann. 🔊✎
← San am sin, de réir an dearcaidh agus an eolais a bhí ag muintir na Rosann, bhí trí chineál Béarla ann: Béarla an Lagáin, Béarla na hAlban agus Béarla Mheiriceá. 🔊✎
← Bhí Béarla an Lagáin ar an chéim ba ísle; ní raibh ann ach go mb'fhearr é ná a bheith folamh. 🔊✎
← Ach má ba mhaith leat an sméar mhullaigh agat chuaigh tú go Meiriceá. 🔊✎
← An snas a bhí air bhéarfadh sé le fios duit an té a raibh sé aige gur shiúl sé agus go bhfaca sé go raibh eolas an tsaoil aige. 🔊✎
← Mura mbeadh a dhath eile ann ach an teanga dhéanfainn cineál ar Cholorado. 🔊✎
← Ba mhaith ab fhiú corr-unsa tobac foghlaim a fháil nach bhfaigheadh duine eile gan a ghabháil rith an bhealaigh go Meiriceá. 🔊✎
← (Sliocht é seo as an ghearrscéal "Colorado" le Máire (Oíche Shamhraidh agus Scéalta Eile, Oifig an tSoláthair, 1968). 🔊✎
← Tagann sé seo as canúint Uladh agus baineann sé leis an imirce agus an gá a bhí ag na daoine le Béarla) 🔊✎